Léigh rialacha an chomórtais go cúramach sula gcláraíonn tú do scoil.
Cuimhnigh ar na nithe seo a leanas:
- Dáta agus am an chomórtais: 26 Samhain 2026, 10.00-12.00 Am Lár na hEorpa.
- An tréimhse chlárúcháin le haghaidh scoileanna: 1 Meán Fómhair 2026, 12.00 – 12 Deireadh Fómhair 2026, 23.59 Am Lár na hEorpa.
- Is go randamach a roghnófar scoileanna.
- Foilseofar liosta na scoileanna a roghnaíodh ar ár suíomh gréasáin faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair.
- Ní mór gur in 2009 a rugadh na rannpháirtithe.
- Ní mór do gach scoil a roghnófar idir 2 agus 5 rannpháirtí a chlárú.