Skip to main content

Juvenes Translatores

Comórtas chun aitheantas a thabhairt do na haistritheoirí óga is fearr san Aontas Eorpach

Cláraigh do scoil

Ar an leathanach seo, is féidir leat do chuntas úsáideora a chruthú chun do scoil a chlárú.

Nuair atá tú ag clárú:

  • ní féidir leat do scoil a chlárú ach aon uair amháin (scoil amháin = cuntas úsáideora amháin).
  • ní féidir ach le múinteoirí scoil a chlárú, ní rannpháirtithe.
  • sula gcláraíonn tú, ní mór cead a bheith agat ón bpríomhoide go mbeidh an scoil in ann páirt a ghlacadh.
  • féidir ach le meánscoileanna páirt a ghlacadh. Níl an comórtas oscailte do chineálacha eile scoileanna nach bhfuil curaclam iomlán meánscoile acu.
  • spriocdháta an chlárúcháin: 12 Deireadh Fómhair 2026, 23.59 (Am Lár na hEorpa).

Ní mór do scoileanna:

  • a bheith lonnaithe i mBallstát den Aontas
  • a bheith aitheanta ag na húdaráis oideachais i gceann amháin de na Ballstáit ar a laghad
  • idir 2 - 5 rannpháirtí a chlárú a rugadh in 2009
  • rochtain láidir a bheith acu ar an idirlíon
  • an trealamh TF is gá a bheith acu

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach rialacha an chomórtais.

Cuir isteach seoladh ríomhphoist bailí. Is é seo an príomhbhealach cumarsáide a bheidh agat linn. Bainfear úsáid as freisin chun pasfhocal nua a sheoladh chugat má iarrann tú ceann a fháil. Ní fhógrófar an seoladh ríomhphoist go poiblí.
Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist arís.
Cuir isteach an t-ainm úsáideora a úsáidfidh tú chun logáil isteach gach uair a thugann tú cuairt ar ardán an chomórtais. Is féidir leat spásanna a úsáid, chomh maith leis an bponcaíocht seo a leanas: lánstad (.), fleiscín (-), agus fostríoc (_). Ní ceadmhach aon phoncaíocht ná aon saincharachtar eile.
Cuir isteach pasfhocal le haghaidh do chuntais úsáideora sa réimse pasfhocail agus ansin cuir isteach arís é sa réimse thíos chun é a dheimhniú.
Cuir isteach do chéadainm agus déan deimhin de é a litriú i gceart leis na ceannlitreacha cearta agus an phoncaíocht cheart. Is é an duine a chuirtear isteach anseo an príomhtheagmhálaí a bheidh againn sa scoil, an duine lena ndéanfar cumarsáid maidir le comórtas na bliana seo.
Cuir isteach do shloinne agus déan deimhin de é a litriú i gceart leis na ceannlitreacha cearta agus an phoncaíocht cheart.
Cuir isteach ainm oifigiúil na scoile, agus déan deimhin de go litríonn tú i gceart é leis an bponcaíocht cheart mar is mian leat é a fheiceáil foilsithe ar líne nó ar theastas rannpháirtíochta.
Teastaíonn an réimse "Cód poist".
Teastaíonn an réimse "Cathair na scoile".
Cuir isteach sráid agus uimhir na scoile.
Roghnaigh an tír ina bhfuil do scoil suite. Mar shampla, áirítear an scoil Spáinneach IES Liceo español ‘Luis Buñuel’, atá suite sa Fhrainc, mar chuid de chuóta na Fraince agus ba cheart an Fhrainc a roghnú anseo, ní an Spáinn.
Cuir isteach d'uimhir theileafóin, an réamhuimhir san áireamh.
Tabhair seoladh ríomhphoist breise atá difriúil ón bpríomhsheoladh ríomhphoist a tugadh thuas. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun dul i dteagmháil leat i gcás nach bhfuil an príomhsheoladh ríomhphoist ag obair, agus sa chás sin amháin (mar shampla, teachtaireacht earráide, botún sa seoladh ríomhphoist nó bosca isteach lán).